An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne – Eolas Achomair ar EIGE, 2018
Eolas faoi EIGE
Cé muid?
Is é an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) an t-aon ghníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh nach ndíríonn ar aon ní eile ach ar chomhionannas inscne.
Le hacmhainní substaintiúla a bailíodh agus a forbraíodh cheana féin, is é EIGE lárionad eolais an AE maidir le comhionannas inscne.
AN OBAIR A DHÉANAIMID
Táimid ag obair chun comhionannas idir mná agus fir a thabhairt i réim san Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin, ionas gur féidir le gach duine na deiseanna céanna a bheith acu sa saol, beag beann ar inscne. Cothaíonn taighde EIGE tuiscint agus feasacht ar chomhionannas inscne i ngach cuid den saol.
Sainaithnímid bearnaí idir mná agus fir agus déanaimid sonraí a bhailiú agus a anailísiú ar neamhionannais inscne. Trí eolas praiticiúil atá bunaithe ar fhianaise a sholáthar, tacaímid le lucht déanta beartais chun an Eoraip a thabhairt níos gaire don chomhionannas inscne agus saol na mban agus na bhfear araon a fheabhsú.
Cad is fiú an comhionannas inscne?
Tá cuid mhór d’acmhainneacht na mban nach bhfuiltear ag baint leas ceart aisti toisc neamhionannais mhóra idir fir agus mná ar fud an Aontais Eorpaigh. Más mian linn Eoraip níos láidre, níos cothroime agus níos aontaithe a chruthú, ní mór dúinn deireadh a chur leis na neamhionannais seo.
Tagann fás as an gcomhionannas
De thoradh feabhas ar an gcomhionannas inscne san AE, ghinfí suas le 10.5 milliún post breise faoi 2050! D'fhéadfaí ráta fostaíochta beagnach 80% a bhaint amach agus d'fhéadfadh fás beagnach 10% sa bhreis teacht ar olltáirgeacht intíre an AE (OTI) per capita faoi 2050. Tá na meastacháin seo bunaithe ar ár dtaighde.
Tá rún daingean ag EIGE an comhionannas inscne a chur chun cinn. Déanaimid ár gcion féin ar bhealaí éagsúla. Féach conas!
AN tINNÉACS COMHIONANNAIS INSCNE: Níl ach dul chun cinn an-mhall go deo á dhéanamh ag an Aontas Eorpach
In 2017 d'fhoilsíomar an tríú heagrán dár nInnéacs Comhionannais Inscne. Is uirlis tomhais ar leith é seo a d'fhorbair EIGE.
Mar thoradh ar scóir aonair a thugtar do gach Ballstát agus don AE ina iomláine is féidir comparáid a dhéanamh idir comhionannas inscne i measc tíortha éagsúla.
Le linn na ndeich mbliana idir 2005 agus 2015, níor fheabhsaigh Innéacs Comhionannais Inscne an AE ach 4 phointe. Agus scór 66.2 pointe ann don AE ina iomláine agus scóir idir 82.6 (an tSualainn) agus 50 (an Ghréig) ann i gcomhair tíortha aonair, tá feabhas mór de dhíth i gcónaí.
Is iad na sé réimse lárnacha den Innéacs Cumhacht, Am, Eolas, Sláinte, Airgead agus Obair. Is é an réimse Cumhachta a bhfuil an scór is ísle aige (48.5) i gcónaí ó thaobh an AE cé gurb é an réimse é a bhfuil an dul chun cinn is tapúla déanta ann. Is é an réimse Ama an t-aon cheann ar tháinig laghdú ar a scór in imeacht 10 mbliana; 65.7 an scór a bhaineann leis sin anois. Ciallaíonn sé seo go bhfuil neamhionannas inscne ó thaobh úsáid ama le haghaidh obair tí agus gníomhaíochtaí cúraim nó sóisialta ag dul i méid.
Gné ar leith den tríú heagrán den Innéacs is ea cur chuige trasnaíoch, a léiríonn conas a thrasnaíonn stádas an duine mar bhean nó mar fhear le haois, oideachas, comhdhéanamh teaghlaigh agus tuismitheoireacht, tír bhreithe nó míchumas.
Féach leat: https://eige.europa.eu/gender-equality-index
Foilseacháin EIGE
- An tInnéacs Comhionannais Inscne, 2017: Comhionannas inscne a thomhas san Aontas Eorpach (2017)
- An tInnéacs Comhionannais Inscne, 2017: Tuarascáil Mhodheolaíochta (2017)
- An tInnéacs Comhionannais Inscne, 2017: Príomhfhionnachtana (2017)
Buaicphointí le déanaí
I do theanga féin: anailís de réir tíre
Éiríonn le tíortha áirithe thar a chéile ó thaobh comhionannas inscne. Tá cúiseanna éagsúla leis seo. Chun ár dtacaíocht do na Ballstáit a neartú agus beartais náisiúnta á ndéanamh acu, tá bileoga eolais ullmhaithe againn maidir le cás gach tíre faoi leith, bunaithe ar thorthaí an Innéacs.
Cuirfear a bpróifíl féin i láthair gach ceann de na 28 Ballstát ina dteanga náisiúnta.
Féach ar ár suíomh gréasáin!
Cé chomh forleathan agus atá an foréigean in aghaidh na mban?
- 27.5 – is é seo an scór a léiríonn an riocht ina bhfuil an AE ó thaobh foréigean in aghaidh na mban (ar scála 1 go 100).
- Maidir leis an réimse seo, ar cuid é freisin den Innéacs Comhionannais Inscne, dá airde an scór is amhlaidh is tromchúisí atá an foréigean in aghaidh na mban. Léiríonn an scór seo go bhfuil an foréigean forleathan, dian agus tearcthuairiscithe. Bunaímid an creat tomhais ar thrí shraith – tomhas cumaisc, táscairí breise agus tosca comhthéacsúla.
- D'fhéadfadh an uirlis seo cabhrú leis na Ballstáit faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar roinnt cineálacha foréigin in aghaidh na mban ach Coinbhinsiún Iostanbúl a bheith daingnithe acu.
Foilseachán de chuid EIGE
Cé hiad na daoine is leochailí?
Ní cúrsaí inscne amháin atá i gceist. Mar shampla, ní hionann taithí na dtuismitheoirí aonair agus taithí daoine ar cuid de lánúin iad. Aois, leibhéal oideachais, míchumas, ag maireachtáil i dtír seachas an tír inar rugadh thú – tá tionchar ag na cúinsí sin ar fad ar ár n-eispéiris saoil de bhreis ar inscne.
Rinneamar scrúdú níos géire ar na difríochtaí seo san eagrán is déanaí d’Innéacs Comhionannais Inscne EIGE. Is féidir na táscairí ar fad de na réimsí uile a mhiondealú ina neamhionannais thrasnaíocha inár gcomhéadan Innéacs ar líne. Foilseofar tuarascáil iomlán ar neamhionannais thrasnaíocha in 2018.
Foilseacháin EIGE
- Caithfidh comhionannas inscne gach duine a bhaint amach: comhionannas inscne agus míchumas (2018)
- An tInnéacs Comhionannais Inscne, 2017: Neamhionannais thrasnaíocha (2018)
PRÍOMHSHRUTHÚ INSCNE: Bíonn inscne ábhartha i gcónaí
An bhfuil amhras ort an bhfuil comhionannas inscne ábhartha maidir le do réimse oibre? Tá sé, agus is féidir linne an ábharthacht sin a thaispeáint duit.
Ar ár n-ardán príomhshruthúcháin inscne, leagaimid béim ar ábharthacht an chomhionannais inscne i dtaca le 19 réimse beartais, idir iascach agus chultúr agus gach réimse idir eatarthu. Tiocfaidh tú anseo ar ár gcuid moltaí maidir leis na bealaí is fearr chun gné na hinscne a chomhtháthú sna réimsí seo.
Cé go bhfuil an chuma air gur coincheap teibí é príomhshruthú inscne, táimid tar éis cur chuige a ullmhú a bheidh ina chabhair. Bain úsáid as ár n-uirlisí le linn ullmhúchán, dearadh, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht ar bheartais, bearta rialála agus cláir caiteachais buiséid. Cabhróidh siad le d'eagraíocht a bheith níos comhionainne ó thaobh inscne.
Ní eagraíocht déanta beartais sibh? Caithfidh gach duine sa tsochaí eolas a bheith ar an eolas fúthu seo: féach!
Féach leat: https://eige.europa.eu/gender-mainstreaming
Foilseachán de chuid EIGE
- Modhanna agus uirlisí EIGE (2017)
An bhfuil do pharlaimint féin íogair ó thaobh inscne?
Cuidíonn ár n-uirlis nua ar líne leat é seo a fháil amach. Is féidir le parlaimintí Bhallstáit an AE an uirlis a úsáid chun a gcuid láidreachtaí agus laigí maidir le comhionannas inscne a shainaithint.
Ar fud na mBallstát, níos lú ná trian de na suíocháin pharlaiminte atá ag na mná. Ní chuidíonn sé seo le cinnteoireacht atá cothrom ó thaobh inscne. Is díol imní é seo do shochaithe daonlathacha.
Tá leagan ginearálta den uirlis ann, agus é sin ar fáil do chách.
Féach ar ár láithreán gréasáin.
Buiséadú inscne
Chun tairbhe iomlán a bhaint as comhionannas inscne, caithfidh dearcadh inscne a bheith i gcroílár an phróisis ceaptha beartais. Baineann sé seo le pleanáil buiséid freisin.
Conas is féidir linn deimhin a dhéanamh de go mbainfidh na saoránaigh uile tairbhe chothrom as airgead poiblí? Cuidíonn buiséadú inscne le riachtanais na mban agus na bhfear a thabhairt san áireamh nuair a bhíonn acmhainní poiblí á leithdháileadh. Is féidir lenár n-ardán príomhshruthaithe inscne cabhrú leat buiséid ionchuimsitheacha a phleanáil agus a chur chun feidhme.
In 2018, beimid ag obair ar uirlis buiséadaithe inscne don Aontas Eorpach chun caiteachas a bhaineann le comhionannas inscne a rianú, lena n-áirítear i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Táimid ag féachaint freisin ar bhealaí chun tionscnaimh comhionannais inscne agus tionscnaimh cothromaíochta oibre is saoil a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a chomhordú.
Foilseachán de chuid EIGE
- Buiséadú inscne (2017)
Uirlis GEAR: ar fáil i do theanga féin anois!
De réir na staitisticí is iad na fir fós is mó atá i dtreis san earnáil taighde agus nuálaíochta. In éineacht leis an gCoimisiún Eorpach, tá forbairt déanta againn ar shraith straitéisí ar líne – Comhionannas Inscne in Eagraíochtaí Acadúla agus Taighde, nó 'GEAR'.
Tugtar faisnéis agus treoir sa tsraith straitéisí i dtaobh cothromaíocht inscne a thabhairt i réim in institiúidí taighde. Anois is féidir leat an áis seo a úsáid i do theanga féin! Faoi láthair, tá leaganacha in 23 teanga AE ar fáil ar ár láithreán gréasáin.
Féach ar ár láithreán gréasáin: Príomhshruthú Inscne – Sraitheanna Straitéisí
Foilseachán de chuid EIGE
- Athrú struchtúrach ar an réimse taighde (2017) (in 23 teanga AE)
FORÉIGEAN AR BHONN INSCNE: Cúis le neamhionannas inscne agus toradh ar neamhionannas inscne
Is cúis le neamhionannas inscne é an foréigean in aghaidh na mban agus is toradh é freisin ar neamhionannas inscne. Cuid thábhachtach dár gcuid oibre is ea acmhainní a sholáthar chun deireadh a chur leis.
Díríonn obair EIGE ar thaighde, ar staitisticí agus ar shaineolas ionas go dtuigfear an fhadhb agus an bealach a mbíonn tionchar aige ar an tsochaí. Trí oibriú i gcomhar le hinstitiúidí agus le Ballstáit an Aontais Eorpaigh, is féidir linn sineirgí níos fearr a chruthú agus a bheith níos éifeachtaí inár n-iarrachtaí chun deireadh a chur le foréigean.
Féach leat: https://eige.europa.eu/gender-based-violence
Buaicphointí le déanaí
Sainmhínithe agus bailiú sonraí
De bharr sainmhínithe agus modhanna bailithe sonraí difriúla bíonn sé deacair staitisticí iontaofa agus inchomparáide a bhailiú maidir le foréigean ó pháirtí pearsanta san AE.
Cén fáth a bhfuil sonraí níos fearr de dhíth orainn?
Tá sonraí iontaofa agus inchomparáide riachtanach chun:
- Scóip iomlán an fhoréigin a fháil amach
- Na hiarmhairtí a thuiscint
- Gur féidir a mheas an bhfuil na beartais chun foréigean a chomhrac éifeachtach
- Faireachán agus feabhas a chur ar gcaoi a ndéileálann na póilíní agus an córas ceartais leis an tsaincheist seo
- Bonn eolais a chur faoin gceapadh beartais
Tá obair déanta againn i gcomhar leis na Ballstáit chun moltaí a ullmhú atá dírithe go sainiúil ar an tír féin – moltaí i dtaobh bailiú agus a tuairisciú sonraí a fheabhsú.
Foilseachán de chuid EIGE
- Bailiú sonraí maidir le foréigean páirtí dlúthchaidrimh ag na hearnálacha póilíní agus ceartais (2018) (bileoga eolais faoi leith)
Íospartaigh a chosaint go héifeachtach
Tá feasacht inscne an-tábhachtach sa reachtaíocht. Dá bhrí sin, rinneamar anailís ar Threoir Frithgháinneála an AE agus ar an Treoir um Chearta Íospartaigh trí riachtanais shonracha na mban agus na gcailíní a ndearnadh gáinneáil orthu i gcomhair dúshaothrú gnéasacha a thabhairt san áireamh.
Dírítear inár moltaí ar é a bheith níos fusa ag íospartaigh teacht ar a gcearta. Chun é seo a bhaint amach, caithfear na treoracha a chur chun feidhme ar bhealach atá íogair ó thaobh inscne.
Foilseachán de chuid EIGE
Ciorrú ball giniúna ban: fadhb don AE
Rinne EIGE staidéar chun meastachán a dhéanamh ar líon na gcailíní a bhfuil an baol go ndéanfaí ciorrú ball giniúna ban orthu (FGM) sa Bheilg, sa Ghréig, sa Fhrainc, san Iodáil, sa Chipir agus i Málta. Mar thoradh ar an gcleachtas díobhálach seo, fágtar go leor iarmhairtí buana ar mhná agus is féidir leis a bheith marfach, fiú.
Taispeánann ár gcuid taighde go bhfuil dlíthe láidre agus feachtais ardaithe feasachta ina dtosca cumhachtacha chun cosc a chur leis an gcleachtas seo. Mar sin féin, ní leor dlí a bheith ann ina thaobh. Tá oiliúint ar dhaoine a chuireann an dlí i bhfeidhm ríthábhachtach, chomh maith le feasacht faoin reachtaíocht a mhéadú i measc na bpobal atá i gceist.
Sa tuarascáil roimhe seo uainn, scrúdaíomar líon na gcailíní atá i mbaol in Éirinn, sa Phortaingéil agus sa tSualainn.
Foilseacháin de chuid EIGE
- Meastachán maidir le cailíní a bhfuil an baol ann go ndéanfaí ciorrú ball giniúna ban orthu san Aontas Eorpach: An Bheilg, an Ghréig, an Fhrainc, an Iodáil, an Chipir agus Málta (2018)
- Meastachán maidir le cailíní a bhfuil an baol ann go ndéanfaí ciorrú ball giniúna ban orthu san Aontas Eorpach (2015)
Cibearfhoréigean: bagairt an-dáiríre
Údar imní atá ag dul i méid is ea an cibearfhoréigean, go háirithe do mhná agus do chailíní. Is orthu siúd is mó a bhítear ag díriú i gcás na gcineálacha is measa mí-úsáide ar líne.
Inár dtuarascáil maidir le cibearfhoréigean, cuirtear béim ar an ngá atá le tuilleadh sonraí agus tugtar moltaí do lucht déanta beartais maidir le dul i ngleic leis an bhforéigean seo atá ag dul i méid. Mar shampla, gníomhartha beartais níos fearr, iarrachtaí níos láidre maidir le feasacht, agus oiliúint inscne-íogair a chur ar na póilíní.
Foilseachán de chuid EIGE
CLÁR OIBRE GNÍOMHAÍOCHTA BHÉISING: Ár gcuid oibre chun tacú le cinnteoireacht
Tá ról tábhachtach ag EIGE maidir le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an chomhionannais inscne san Aontas Eorpach.
Gach bliain is féidir leis an tír atá i mbun Uachtaránacht Chomhairle an AE iarraidh orainn scrúdú níos géire a dhéanamh ar cheann den 12 réimse de Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising. Bunaithe ar ár dtaighde, déanann an Uachtaránacht moltaí beartais don réimse roghnaithe.
Is gealltanas domhanda é Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising chun cumhacht a thabhairt do mhná; glacadh é ag an gCeathrú Comhdháil Domhanda ar Mhná in 1995. Tacaímid leis an AE agus lena Bhallstáit le faireachán a dhéanamh ar an ngealltanas idirnáisiúnta seo.
Féach leat: https://eige.europa.eu/beijing-platform-for-action
Buaicphointí le déanaí
Leithscaradh inscne san oideachas agus sa mhargadh saothair
Ar chuala tú é seo cheana: is iad na buachaillí is fearr le huimhreacha agus is iad na cailíní is fearr le cúram a thabhairt? Daingníonn steiréitíopaí seanbhunaithe an éagothroime inscne agus is bac iad ar fhás geilleagrach. Tugann ár dtaighde le fios go bhfuil claonadh ag cailíní agus ag buachaillí ábhair a roghnú de réir róil thraidisiúnta inscne.
In 2014, ní raibh ach 26 % de na fostaithe san earnáil oideachais, sláinte agus leasa arbh fhir iad. I ngairmeacha eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice, ní raibh ach 14% ina mná. Is beag feabhas atá tagtha ar na cúrsaí seo le deich mbliana anuas.
Sa Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC), níl ach 17 % de na fostaithe ina mná. Toisc go bhfuil easpa ghinearálta oibrithe ann a bhfuil TFC agus scileanna digiteacha acu, is fadhb mhór é seo don Eoraip. Faoi láthair san AE, ar éigean a chuimhníonn cailín ar bith sna déaga ar ghairm bheatha sa teicneolaíocht. Is mar gheall ar steiréitíopáil a tharlaíonn sé seo den chuid is mó. Sa tuarascáil maidir le mná agus fir in TFC, táimid tar éis díriú ar bhealaí chun leas a bhaint as cumas na mban san earnáil seo atá ag fás.
Tá sraith dea-chleachtas forbartha againn freisin maidir le conas mná a mhealladh chuig an earnáil TFC agus cabhrú leo a ngairm bheatha a fhorbairt trí dheiseanna cothromaíochta saoil is oibre. Tá uirlis ar fáil freisin lena dtugtar moltaí agus réitigh fhéideartha do ghnólachtaí san earnáil TFC. Bain triail agus úsáid as!
Foilseacháin de chuid EIGE
- Staidéar agus obair san AE: scartha amach de réir inscne (2018)
- Staidéar san AE: scartha amach de réir inscne (2018) (bileog eolais)
- Obair san AE: mná agus fir ag foircinn éagsúla (2017) (bileog eolais)
- Mná agus fir in TFC: deis cothromaíocht oibre agus saoil níos fearr a bhaint amach (2018)
Inscne sa saol digiteach
Cuireann an saol digiteach deiseanna éagsúla ar fáil do dhaoine óga chomh maith le rioscaí. Ní hionann iad seo i gcónaí do chailíní agus do bhuachaillí.
Cabhróidh ár dtaighde nua leis an gcaidreamh casta idir inscne agus an saol digiteach a thuiscint. Scrúdóimid treochtaí digiteacha éagsúla e.g. bealaí nua rannpháirtíochta sóisialta agus polaitíochta, mar aon le rioscaí, mar shampla náiriú colainne, gnéastéacsáil, cibearfhoréigean, radacú agus bréagnuacht.
Tá torthaí an staidéir seo le teacht in 2018. Féach ar ár suíomh gréasáin!
Foilseacháin EIGE
- An óige, digitiú agus comhionannas inscne (2018) (le teacht)
- Comhionannas inscne agus an óige: na deiseanna agus na rioscaí a bhaineann le digitiú (2018) (bileog eolais)
- Comhionannas inscne agus digitiú san Aontas Eorpach (2018) (bileog eolais)
Lasmuigh den Aontas Eorpach
Naisc a neartú le tíortha a bhaineann le méadú an AE
Tá EIGE tar éis tús a chur lena cheathrú tionscadal leis na Balcáin Thiar agus leis an Tuirc agus muid ar chosán i bpáirt lena chéile i dtreo an chomhionannais inscne. Táimid dírithe ar fhaireachán ar chomhionannas inscne a fheabhsú i mbeartais phoiblí, i reachtaíocht agus i gcleachtas.
I mbliana, tá EIGE ag cabhrú le forbairt innéacsanna náisiúnta comhionannais inscne sa réigiún sin. Ar a mbealach i dtreo ballraíocht san AE, ní mór d'iarrthóirí AE agus d'iarrthóirí ionchasacha AE deimhin a dhéanamh de go dtugtar dearcadh inscne san áireamh nuair a bhíonn beartais á gceapadh.
Cad iad na bealaí eile a ndéanaimid ár gcion féin?
Sonraí inrochtana a chur ar fáil
Cé mhéad bean ar baill iad de bhord an chraoltóra phoiblí sa Phortaingéil? Cad é coibhneas na mban agus na bhfear ar choistí a bhaineann leis an gcomhshaol i bParlaimint na hEorpa? Cé chomh mór is atá daonra na mban i gcomparáid le daonra na bhfear sa Pholainn?
Lárionad don fhaisnéis staitistiúil maidir le comhionannas inscne ar fud an Aontais Eorpaigh is ea Bunachar Staitisticí Inscne EIGE . Tugtar sonraí le chéile ann in aon uirlis idirghníomhach sho-úsáidte amháin. Scrúdaigh an bunachar sonraí agus aimsigh na sonraí atá uait ó dhearcthaí éagsúla. Tugaimid ár mbunachar sonraí cothrom le dáta go leanúnach.
Féach leat: https://eige.europa.eu/gender-statistics/dgs
Ag cabhrú leis an Eoraip cumarsáid a dhéanamh
Níl tú cinnte cén téarma le húsáid? I ngluais agus teasáras ar líne EIGE, tá fáil ar shainmhínithe atá cruinn agus cothrom le dáta ar théarmaí tábhachtacha a bhaineann le comhionannas inscne. Seo mar a dhéanaimid ar gcion féin ar mhaithe le comhthuiscint ar fud an AE.
Féach na chéad leaganacha atá ar fáil i nGearmáinis, i mBéarla, i bhFraincis agus i Liotuáinis ar ár láithreán gréasáin. Beidh na haistriúcháin go léir ar fáil faoi 2020.
Tá ár ngluais ag éabhlóidiú agus ag athrú i gcónaí, de réir mar a thagann athrú ar an teanga féin. Mol do chuid nuashonruithe féin – cuideoidh tú leis an bhfás dá réir.
Féach leat: https://eige.europa.eu/thesaurus
Rochtain a thabhairt ar acmhainní ollmhóra
Agus breis agus 500 000 acmhainn ar fáil ann, is ionad ilfhreastail é Ionad Acmhainní agus Doiciméadachta EIGE (RDC) maidir le faisnéis inscne. Cuardaigh ár mbailiúchán de dhoiciméid bheartais, leabhair, ailt, staidéir, sainbhunachair sonraí agus tuilleadh.
Oibrímid i dteannta le mórionaid doiciméadachta agus faisnéise Eorpacha a dhéanann speisialú i gcomhionannas inscne chun an tseirbhís seo a sholáthar.
A lán de na hacmhainní seo, níl fáil orthu i leabharlanna poiblí eile.
Féach leat: https://eige.europa.eu/library/about
Saineolaithe agus díograiseoirí a thabhairt le chéile
Má tá tú ag lorg comhpháirtithe chun na cúrsaí seo a phlé leo nó má tá tú ag iarraidh do chuid oibre a chur chun cinn – tá EuroGender i gceartlár an aonaigh.
Is iontach an bealach é ardán ar líne EIGE chun eolas a fháil agus a roinnt faoi chomhionannas inscne. Trí chlárú leis, is féidir leat cur agus cúiteamh a dhéanamh le lucht déanta beartais, le saineolaithe agus le heagraíochtaí atá gníomhach sa réimse seo ó gach cearn den AE. Iarr orthu comhairle a chur ort agus roinn do chuid tuairimí leo.
Bí linn: http://eurogender.eige.europa.eu
Bí ag faire amach do thaighde agus do thuarascálacha suimiúla breise atá le teacht go luath ó EIGE.
Feachtas an Ribín Bháin
Antonio Tajani
An tAontas Eorpach, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa
An streachailt chun deireadh a chur le foréigean in aghaidh na mban, is troid í a gcaithfidh gach duine beo againn páirt a ghlacadh inti. Tá sé de dhualgas orainn an fód a sheasamh do na mná trí fheasacht a mhúscailt ar an éagóir seo.
Tá an foréigean in aghaidh na mban fréamhaithe in neamhionannais inscne. Tá sé ann freisin mar, go rómhinic, go ligimid leis, mar shochaí agus mar dhaoine aonair, gan aird a tharraingt air.
Is é Feachtas an Ribín Bháin an feachtas is mó ar domhan chun na fir a mhúscailt chun aghaidh a thabhairt ar an bhforéigean in aghaidh na mban. Fir a chaitheann an ribín bán, dearbhaíonn siad nach ndéanfaidh siad foréigean in aghaidh na mban, nach mbeidh siad i bhfách le foréigean in aghaidh na mban agus nach bhfanfaidh siad ina dtost i dtaobh foréigean in aghaidh na mban.
Tugaimid cuireadh duit gníomhú:
- Foghlaim faoi fhoréigean agus bagairtí ar mhná ó fhir.
- Labhair amach in aghaidh friotal agus greann gnéasaíoch sa láthair oibre, ar scoil agus sa teaghlach.
- Scrúdaigh an chaoi a bhféadfadh do dhearcadh agus d’iompar féin a bheith ag cur leis an bhfadhb.
- Bí i d’eiseamláir do bhuachaillí. Léirigh nach ionann a bheith i d’fhear agus an lámh in uachtar a bheith agat ar dhaoine eile nó iad a chur faoi do smacht.
- Labhair le do chairde agus le do theaghlach faoin bhfeachtas.
- Múscail feasacht faoin bhforéigean in aghaidh na mban sa láthair oibre nó ar scoil.
Déan é anois – cláraigh lenár liosta ambasadóirí: https://eige.europa.eu/gender-based-violence/white-ribbon
Labhraímis le chéile
Bíonn EIGE an-sásta i gcónaí nuacht a roinnt agus rannpháirtíocht a chothú leis an bpobal trí chéile. Bí cothrom le dáta le gníomhaíochtaí EIGE ar líne trínár suíomh gréasáin agus cainéil chumarsáide eile.
Tá ár gcuid foilseachán go léir ar fáil ar láithreán gréasáin na hInstitiúide, trína Lárionad Acmhainní agus Doiciméadachta (RDC) agus i Siopa Leabhar an AE.
Tá an bealach isteach chuig an RDC suite ar bhunurlár ár n-oifigí i Vilnias, ag Vilniaus gatvė 10. Bíonn an Lárionad ar oscailt ó Luan go hAoine, ó 9:30 go 13:00 agus ó 13:30 go 18:00.
Chun taighde a dhéanamh agus faisnéis mhionsonraithe a fháil, féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar ár sainleabharlann ar an gceathrú hurlár. Le tuilleadh faisnéise a fháil nó le coinne a dhéanamh, téigh i dteagmháil leis an RDC ag rdc@eige.europa.eu
Mar an gcéanna, má ritheann aon cheist leat, ná bíodh aon leisce ort dul i dteagmháil linn!
Chun an nuacht agus an t-eolas is déanaí a fháil ar imeachtaí, cláraigh le nuachtlitir EIGE